FÚINN

STAIR

Is bunscoil lán-Ghaelach Caitliceach mheascaithe í Gaelscoil na Ríthe a bunaíodh sa bhliain 1985. Cothaíonn sí éiteas Críostaíochta fite fuaite i gcultúr agus tradisiúin na hÉireann. Bíonn an reiligiún Caitliceach á múineadh againn agus réititear na páistí do na sacraimintí le linn am scoile, le cabhair na dtuismitheoirí agus le treoir an tsagairt, a thagann ar chuairt chugann go minic.
Cuirimid éiteas Gaelach chun cinn anseo i nGaelscoil na Ríthe, táimid bródúil as ár n-oidhreacht Ghaelach agus tá cion againn ar chultúr i gcoiteann. Tá tradisiún iontach ag an scoil ní amhain ó thaobh acadúla de ach i gcursaí spórt, ealaín, ceol agus dramaíocht agus tá ról lárnach ag an nGaeilge agus an cultúr ceoil, damhsa agus spóirt a ghabhann lei, i saol laethúil agus i ngaiscí uile na scoile. Sí an Ghaeilge príomh theanga na scoile, is í ár dteanga cumarsáide.
An phríomhaidhm atá againn i nGaelscoil na Ríthe ná oideachas a chur ar fáil dár daltaí go léir. Táimid ag súil go rachaidh a saol scoile i bhfeidhm orthu go dearfach le linne a tréimhse sa Ghaelscoil, agus go mbeidh cuimhní deimhneacha acu ar a saol scoile amach anseo. Má aontaíonn tú leis na luachanna, leis an ethós agus leis an bhfís atá again anseo i nGaelscoil na Ríthe, tugaimís cuireadh duit teacht linn.

photo a6